Facebook
Twitter
Cuir do thionscnamh i láthair Gníomhaire Díolacháin ag Guth Gafa!
09/06/10
Cuireann Guth Gafa deis ar fáil d'fheidhmeannaigh scannánaíochta faisnéise a bheas i láthair buaileadh le hionadaithe ó dhá mhórchomhlacht díolacháin Eorpacha i mbliana.  Beidh Peter Jäger ó Autlook filmsales, An Ostair agus Kimberley Anwen ó Journeyman Pictures, UK, ar fáil le haghaidh cruinnuithe ar an Domhnach, 13 Meitheamh óna 11rn ar aghaidh ag Óstán Loch Altan i nGort a' Choirce. Lean ort ag léamh chun tuilleadh eolais a fháil agus le clárú.  Tá líon teoranta spásanna ar fáil go fóill!
Buail leis na Stiúrthóirí ag Guth Gafa 2010
03/06/10
Féach ar na scannáin uile, buail leis na stiúrthóirí go léir!  Tá fáiltiú neamhfhoirmeálta "Buail leis na Stiúrthóirí" á thionóil ag Guth Gafa, mar a mbeidh deis ag ár gcuid aíonna féile casadh leis na scannánóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta a bheas i láthair.  Beidh an fáiltiú seo ar siúl ar an Satharn 12 Meitheamh óna 6.30in go dtí 8.30in i bPuball Fáiltithe Guth Gafa.  Beidh an iliomad stiúthóirí ann ar mhaithe le comhrá réidhchúiseach thar an dá uair.  Imeacht iontach é seo do chuile dhuine chun teagmhálaithe a dhéanamh nó díreach le scannáin a phlé.

Institiúid Sundance ag Guth Gafa 2010
03/06/10
Beidh Clár na Scannánaíochta Faisnéise Institiúid Sundance ann d'fheidhmeannaigh scannánaíochta i gclár Guth Gafa na bliana seo.
Bí Ullamh don tSiamsaíocht ag Guth Gafa 2010
03/06/10
Tá tinte ealaíne ceoil ar tí a lasta ag club na féile i mbliana leis an ceathairéad fíochmhar maith giotáir Túcan agus lucht an iarphuinc leictro Sounds of System Breakdown i mbun na siamsaíochta beo le linn dheireadh seachtaine na feile le rithimí fuinc agus tiúin eitreacha.  Anuas ar chlub na féile beidh spásanna sóisilata ann ar mhaithe le scíth a ligint, agus comhrá agus caitheamh aimsire a bheith agat mar chuid de chlár saibhir ilchineálach siamsaíochta.
Albainis Uladh ar Scannán ag Guth Gafa 2010
03/06/10
Ceiliúradh atá in Albainis Uladh ar Scannán, comóradh ar shaothair scannánaíochta agus thelifíse na hAlbainise Uladh agus deis chun an pobal i gcoitinne ar spéis leo teanga agus cultúr na hAlbainise Uladh a thabhairt le chéile le feidhmeannaigh ón tionscal a bhfuil suim acu i, nó a bhíonn ag plé le, cláracha Albainise Uladh.
Trí Shúile Páistí
03/06/10
Tá lúchair ar Guth Gafa, i gcomhpháirt le Cláracha don Óige RTÉ, imeacht fíorspeisialta a chur i láthair ar an Domhnach 13ú ag a 11rn - trí thaispeántas agus fóram plé dar teideal Trí Shúile Páistí, mar a ndéanfaidh triúr scannánóirí plé ar dhéantús cláracha do pháistí, faoi pháistí agus le páistí.
Clár Gearmánach Guth Gafa 2010
03/06/10
Léargais agus dlúthscéalta:  Dhá scannán faisnéise Ghearmánacha, Adrian's Dream agus Autumn Gold, agus clár beochan, Tricks for Kids ó Bheirlín ag Guth Gafa 2010.
Dearbhaíonn an buaiteoir Ghradam Gaisce HotDocs Kim Longinotto go mbeidh sí i láthair ag Guth Gafa 2010
01/06/10
Anuas ar na gnáththaispeántais agus díospóireachtaí, tá clár speisialta á thionóil ag an Fhéile Idirnáisiúnta Scannáin Fhaisnéise Guth Gafa, i gcomhpháirt le Bord Scannán na hÉireann agus le tacaíocht ó chomhpháirtithe tionscail eile, d'fheidhmeannaigh scannánaíochta agus mic léinn le painéil, fóraim agus máistir-rang leis an scannánóir iomráiteach Kim Longinotto.
Margadh do Mhic Léinn 2010
15/04/10
Margadh Speisialta do Mhic Léinn á thairiscint do Ghuth Gafa 2010, le Pas Féile, lóistín dhá oíche agus bus tointeála saor in aisce ar fáil ar ach €50.
DÉANTAR SCANNÁIN GO bhFEICFEAR IAD! – Deiseanna úra dáileacháin do scannáin Éireannacha
01/12/09
Tá Féile Idirnáisiúnta Scannáin Fhaisnéise Guth Gafa i ndiaidh tabhairt faoi fhiontar nua dáileacháin ar líne i gcomhpháirt le Scannáin Soilsiú i nDún na nGall agus OnlineFilm AG sa Ghearmáin, chun deis iontach a chur ar fáil do léiritheoirí Éireannacha a gcuid scannán a chur i measc an phobail agus lucht féachana níos forleithne a shroicheadh.
Ardghradam do Guth Gafa
17/11/09
Bhuaigh Guth Gafa ceann de na príomhghradaim ag Gradaim Carlton Scoth na bhFéilte i mBéal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe inniu.
Buíochas ó chroí
27/09/09
Buíochas ó chroí ó fhoireann uile Guth Gafa do gach éinne a thug tacaíocht don Fhéile in 2009, agus ná bíodh sé fada go 2010!

Guth Gafa On Tripmi

Ag iarraidh a fháil go Féile Idirnáisiúnta Scannáin Fhaisnéise Guth Gafa ach ní fios conas a bhfaighidh tú anseo???
Tabhair cuairt orainn ar Tripmi, Pobal Carr-Roinnte agus Comhrannta na hÉireann.

Tripmi Logo

Cartlann

2009/ 2008/ 2007/ 2006

Páirtithe

Irish Film Board
Online Film
Join the Cue
Film Ireland

Nuachtlitir Guth Gafa


Oifig an Fhéile:

Guth Gafa Film Festival
Meenderry
Falcarragh
Letterkenny
Co. Donegal
Éire

Tel: +353 (0)74 9180730
Fax: +353 (0)74 9180730

info@guthgafa.com